Tá cás fostaíochta á ghlacadh ag iar-stiúrthóir polaitiúil de chuid Sinn Féin, Leo Green, i gcoinne an pháirtí ag maíomh go ndearnadh leithcheal air.
Iar-Phríosúnach is é Leo Green, bhí sé ar stailc ocrais ar feadh 3 lá déag is dhá scór agus poblachtanach sinsearach a bhí ann.
Bhí iontas ar dhaoine nuair a d’fhág sé a ról mar stiúrthóir polaitiúil i Stormont roimh Ard-Fheis Shinn Féin i mí Feabhra.
Is é idirdhealú ar fhoras tuairim polaitíochta, dífhostú éagórach, agus sárú conartha na cúiseanna atá luaite leis an chás atá á chur aige.
Tá sé thar a bheith aisteach agus suntasach go bhfuil duine chomh hard sin, nó a bhí chomh hard sin i ngluaiseacht na poblachta ag glacadh chás i gcoinne Shinn Féin.